Art Bookshop Ireland

Aonach Leabhar Ealaíne Bhaile Átha Cliath 2018: Ealaín agus Ailtireacht

ar November 22, 2018

Seoladh 5pm Déardaoin 22 Samhain
Rith 23-29 Deireadh Fómhair
Ag Temple Bar Gallery + Studios , 5-9 Sráid Bharra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2

An deireadh seachtaine seo, 22ú-25 Samhain, bígí linn ag eagrán 2018 de Dublin Art Book Fair. Beimid thuas staighre le rogha iontach leabhar teoirice, irisí, Photobooks ar ailtireacht, dearadh, grianghrafadóireacht agus níos faide anonn!

Cuireann Gailearaí agus Stiúideonna Bharra an Teampaill an t-ochtú eagrán den Aonach i láthair, aoi-choimeádaithe ag an staraí ailtireachta agus cultúrtha, an Dr. Ellen Rowley. Dírítear go speisialta ar an téama Ealaín agus Ailtireacht ar Leabharlanna agus Bailiúcháin a Nochtadh. Taobh leis an Aonach tá clár leathan d’imeachtaí saor in aisce, arna choimeád ag an Dr. Ellen Rowley, ar siúl ag TBG+S agus ar fud na cathrach. Áiríonn sceideal na n-imeachtaí léirithe sainsuíomh, ceardlanna, turais siúlóide, léamha, gníomhaíochtaí do pháistí, díospóireachtaí painéil agus léachtaí le léaráidí. Taispeánfar saothair le healaíontóirí atá páirteach sa chlár imeachtaí mar chuid den aonach leabhar ag Temple Bar Gallery + Studios: Isadora Epstein, Andreas Kindler von Knobloch, Aisling McCoy, Liliane Puthod, Alice Rekab & Alison Ballance, Tamsin Snow agus Tanad Williams.

Gné nua d’Aonach Leabhar Ealaíne Bhaile Átha Cliath is ea Rannóg na bPáistí ina bhfuil clár oideachais ocht seachtaine agus suiteáil mhórscála déanta i gcomhpháirt le daltaí rang a 6 ó Ghaelscoil Choláiste Mhuire, Cearnóg Pharnell, na healaíontóirí Andreas Kindler von Knobloch agus Tanad Williams agus ailtire, Donal Hickey.

Féach ar chlár iomlán na n-imeachtaí agus cuir d’áit in áirithe →

We close our doors for installation on the 1st February, re-opening 1st March for the launch of Black Church Print's exhibition titled Out of Time, curated by Áine O’Hara.

ar January 23, 2025

Stuck for gift ideas? Check out our personal suggestions for all the creatives in your life.

ar December 10, 2024

From 11am Sat 14 December at Kunstverein Aughrim

ar December 09, 2024

7pm Wednesday 13 November at Charlemont Walk

ar October 26, 2024

Deadline to apply 6pm 10th November

ar October 25, 2024
AR AIS GO BARR