Uimh Táirgí sa Cart
Is foilseachán nua é XVIII Stories of TULCA a chomóradh 18 mbliana d’Fhéile na nAmharcealaíon TULCA agus a dhoiciméadaíonn a Clár UnSelfing do Phríomhchathair Chultúir na hEorpa Gaillimh 2020.
Don leabhar nua seo, measann iarchoimeádaithe na féile TULCA coimeádaíocht mar chineál ‘cúraim’ maidir lena n-eagrán den fhéile. Labhrann cathaoirligh an bhoird ar na dúshláin a bhaineann le féile amharcealaíon na Gaillimhe a choinneáil ag imeacht agus ag fás. Is é an rud a thagann chun cinn ná portráid d’eagraíocht atá tiomanta do fhís na gcoimeádaithe agus na n-ealaíontóirí a sheasamh agus a bhfuil dlúthbhaint aici le cathair agus contae na Gaillimhe trí chomhaltaí boird agus foirne, chomh maith leis an iliomad oibrithe deonacha. Is ócáid é an tumadh seo i seanchas TULCA chun breathnú arís ar scéalta, cuimhneamh ar dhaoine eile agus chun go leor a fháil amach chomh maith le machnamh a dhéanamh ar chosáin nár tógadh. Áiríonn an foilseachán freisin cúig choimisiún ó ealaíontóirí a dhéanann ionadaíocht ar thaispeántais, coimisiúin agus léirithe an chláir UnSelfing.
Ag rianú conair TULCA ó thionscadal nua-ealaíon go dtí príomhghné i dtírdhreach na n-amharcealaíon in Éirinn, ní mór é seo a léamh d'aon duine a bhfuil suim aige in ealaín chomhaimseartha na hÉireann agus i gcleachtas coimeádaíochta na hÉireann a thugann scríbhneoireacht, cuimhní cinn agus cáipéisíocht nua le chéile.
Arna chur in eagar ag Michaële Cutaya agus deartha ag Pure Designs, is doiciméad álainn é XVIII - Stories of TULCA den chéad 18 mbliana i stair na féile amharcealaíon is dinimiciúla in Éirinn.
Is éard atá san fhoilseachán ná sraith de choimisiúin scríbhneoireachta nua, aistí grianghraf agus machnaimh ó iarchoimeádaithe, ealaíontóirí agus comhaltaí boird.
Arna fhoilsiú ag TULCA Publishing
Clúdach bog le flapaí
187 leathanach
180 x 280 mm
ISBN 9781838228415
Logáil isteach le do thoil agus cuirfidh tú an táirge le do liosta mianta